Póilín Ní Chiaráin ag labhairt faoi na comhráití atá ar siúl i Stormont mar gheall ar cheapadh an Aire nua Dlí agus Cirt. Labhair sé freisin faoi gur ainmníodh séasar a bheadh ar an ngrúpa a bhíos ag déanamh staidéar ar an bpróiséis a bhaineann le páráideanna a mheas.
Séamus Ó Drisceoil ag labhairt faoi go mbeidh beár ar an mbád farrantóireachta nua atá le dhul i mbun seirbhísí idir Corcaigh agus Swansea ag tús na míosa seo chugainn tiomnaithe de mhuintir Oileán Chléirigh .
Eagraí Polaitíochta Eoin Ó Murchú ag labhairt faoi George Lee a bheith ag éirí as pháirtí Fhine Gael agus shuíochán sa Dáil ; Teachta Dála Donncha Mac Fhionnghaile ag labhairt ar an dearca taobh istigh de Fhine Gael ar chinneadh George Lee eirí ar Fine Gael agus eirí as Dáil Éireann.
Príomh Fheidhmeannach Comhar na nOileán Maighread Ó Raghallaigh ag labhairt faoi Chomhar na n-Oileán Teoranta nach mbeidh siad inann na seirbhísí a bhí a gcur ar fáil ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus ag Cumas ar Oileáin Árann a chur ar fáil níos mó mar gheall nach bhfuil na h-acmhainní ná an buiséad acu.
Saineolaí ar Chúrsaí Paramíleactachais Joe Tiernan ag labhairt go bhfuil grúpa paramíleata an INLA le fógairt inniú go bhfuil siad tar éis a gcuid airm a chur ó mhaith. Thug Joe eolas faoin INLA, bunaíodh an INLA i 1974 agus mharaigh siad ós cionn céad go leith duine le linn na dtrioblóidí i dTuaisceart Éireann.
Patsy Mac Giolla Eoin ag labhairt le Póilín Ní Chiaráin, bhí ard fheis pháirtí an SDLP ann ag an deireadh seachtaine agus roghnaíodh Patsy mar leas cheannaire pháirtí an SDLP, páirtí atá ag comóradh 40 bliain i mbunaithe i mbliana. Roghnaíodh Margaret Richie mar cheannaire nua an pháirtí.
Cathaoirleach Ghrúpa Meáin Bhéal Feirste Máirtín Ó Muilleoir ag labhairt faoina socraithe atá leagtha amach le h-aghaidh aistriú na gcuramaí poilíneachta agus riaradh na cora as Westminster go Stormont.
Comhaileoir Condae agus ball tofa ar bhord Údarás na Gaeltachta Seán Ó Tuairisc ag labhairt faoina coinníollacha nua pleanála atá curtha i bhfeidhm ag Comhairle Condae na Gaillimhe faoin acht pleanála.
Comhairleoir Pádraic Ó Dochartaigh ag labhairt faoin imní ata air faoin líon daoine atá ar liosta feithimh tithíochta Chomhairle Condae Dhún na nGall mar is cosúil nach bhfuil aon phlean ann scéim nua tithíochta a thogáil i mbliana.
Póilín Ni Chiaráin ag labhairt ar fhógra ceannaire an DUP, Peter Robinson aréir go raibh a pháirtí uilig théis glacadh leis an méid a baineadh amach sna comhráití a bhi acu le Sinn Féin maidir le cursaí dlí is cirt agus poilíneachta a dhílarú go Stormont, fogróidh na socraithe ar maidin inniú; Pierce Doherty ag labhairt ar dhearcadh Shinn Féin ar an réiteach atá le fógairt ar maidin inniú maidir le cursaí dlí is cirt agus poilíneachta a dhílarú go Stormont.
Stiúrthóir Oideas Gael i nGleann Cholm Cille Liam Ó Cuinneagáin ag labhairt faoi nach bhfuil ag éirigh le tionscal na turasóireachta i nDún na nGall agus go gcaithfear beallaigh eile a aimsiú le turasóirí a mhealladh ag reigiún an Iarthuaiscirt.
Ollamh le Ollscoil na hÉireann Gaillimh Gearóid Ó Tuathaigh ag labhairt faoin bpróiséis síochána i dtuaisceart Éireann ó thús agus na cúiseanna atá leis an sáin a bhíonn ann go rialta theacht ar réiteach. Tá ainilís déanta go minic aige fhéin ar an bpróiséis síochána ó thuaidh.
Comhfhreagraí Polaitíochta an Irish Times Harry Magee ag labhairt faoi gur adhmháil an Banc Ceannais aréir gur íoc an eagraíocht as costais céile/páirtithe a gcuid fostaithe ar thurais thar lear in achar dhá bhliain. D’fhreastal na daoine a tugadh ar na h-eitiltí ar beagnach leathchéad ocáid difrúil agus ní aon ocáid amháin mar a thuairisc an tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste roimhe seo.
Cathaoirleach Chomhnaidhm Iascairí na hÉireann Lorcán Ó Cinnéide ag labhairt faoi go bhfuil Iascairí an deiscirt ag iarraidh cead “An Bas” atá go flúirseach i farraigí caoga cillméadar amach ó chósta Theas na hÉireann a mharú agus a dhíol sa tír seo.
Coimisinéara Teanga Seán Ó Cuirreáin ag labhairt go bhfuil a théarma mar Chomisinéar Teangan críochnaithe agus tá sé suas ag an Dáil agus an Seanad é a athcheapadh.
Póilín Ní Chiaráin ag labhairt faoin scéal is deireannaí ó Bhéal Feiriste faoi chomhráití dí-lárú cumhachtaí poilíneachta. Níl na páirtithe tagtha ar réiteach fós cé go bhfuil ocht lá ann anois o thosaigh na comhráití agus tuilleadh comhráití ar siúl aríst inniú; Údar - Déaglán de Bréadún ag labhairt ar an sáinn ina a bhfuil na cainteanna faoi dí-lárú cumhachtaí poilíneachta i dTuaisceart Éireann.
Ó Choiste Aosach cheantar na n-Oileán Máire Bhidda Ní Mháille ag labhairt go bhfuil sí ag moladh do Bhainistíocht RTÉ Raidió na Gaeltachta athbhreithniú a dhéanamh láithreach ar an gcinneadh atá déanta acu gan an t-Aifreann a chraoladh ach uair amháin in aghaidh na míosa. Dúirt sí go bhfuil impí déanta ag go leor den phobal a bhfuil sí ag obair leo agus ag daoine eile labhairt amach faoin tionchar atá ag an gcinneadh seo orthu.
Orla Ní Dhomhnaill ag labhairt gur Déardaoin seo chugainn a ghéarrfar pianbhreith ar Eamonn Lillis tar éis a bheith ciontaithe sa gCúirt Choiriúl Láir ag an deire seachtaine as dúnorgan a mhná-céile Celine Cawley. Dúirt sí go raibh an giúiré tamall maith i mbun a gcuid machnamh ar an gcás agus gur léir sé sin gur ghlac an giúiré leis gur cás casta a bhí ann.
Póilín Ní Chiaráin ag labhairt faoi go mbeadh páirtithe polaitíochta thuaisceart Éireann ar ais i gCaisleán Chroimlinne níos deireannaí inniú féachaint ar féidir leo fuascailt a fháil ar na ceisteanna atá fós ag teacht idir iad féin agus réiteach na géarchéime a bhaineann le dí-lárú cumhachtaí póilíneachta; Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh ag labhairt faoin dearcadh atá ag Sinn Féín ar an staid a bhfuil na cainteanna i dtuaisceart Éireann faoi dí-lárú na gcu ...