Dúlta Ó Treasaigh ag cur síos ar na ceardlainne ealaíne, ceoil & filíochta do dhaoine óga a bheas ar siúl an tseachtain seo chugainn mar chuid de Fhéile Ealaíne na Bealtaine i gCorca Dhuibhne.
Simon Mac Giolla Easpaig ag caint ar oíche eolais faoin Idirbhliain a bheas i bPobalscoil Ghaoth Dobhair Dé Luain seo chugainn do scoláirí na tríú bliana agus a dtuismitheoirí.
Rachel Ní Fhionnáin atá ag obair leis an gcomhlucht drámaíocht ANNÓG, ag cur síos ar dhráma atá á stiúradh aice faoi láthair sa Daingean agus a bheas ar stáitse an tseachtain seo chugainn.
Comórtas Clár Raidió Ghael-Linn 2009: Trí scoil a bhí páirteach, Ard Mhacha, Luimneach & Dún na nGall: Labhair Jó le Seán Ó Ceallaigh, Seán Ó hÉanaigh, Niamh de Mórdha, Dáithí Breathnach & Brídin Ní Mhaoildomhnaigh faoin gcomórtas.
Siansa 2009 - Siad an grúpa "Spraoi" as Scoil Ghraiméir i Sligeach a thug leo an chéad áit ag Comórtas Siansa 2009 i Luimneach Dé Domhnaigh seo caite. Seo roinnt dá gcuid ceoil & labhair Jó le Niamh Ní Fhearghaíl ón ngrúpa ceoil seo.
Aidín Nic Giolla Bhríde & Brídín Ní Ghallchóir ó Phobal Scoil Ghaoth Dobhair a bhua an gradam don dráma is fearr ag an bhFéile Scol Drámaíochta a bhí ar an Muileann gCearr le gairid.
Brídín Ní Mhaoldomhnaigh ag caint faoin gcruinniú a bheas acu le polaiteoirí an chontae Dé Luain seo chugainn chun iarracht a dhéanamh Ionad Óige Ghaoth Dobhair a ath-oscailt.
Dáithí Ó Drónaí, duine de na daoine atá ag glacadh páirt sa mbabhta ceannais den "All Ireland Talent Show" ar son an Iarthar san oíche Dé Domhnaigh seo chugainn.
Seán Óg Ó Flatharta, Mícheál Ó Finneadha&Mícheál Seoige - Buaiteóirí X–Factor Chonamara, comórtas mór talainne a bhí ar siúl i Halla Pobail Chorr na Móna ar Aoine seo caite.